Doodle 4 GoogleBainimid leas as na dearaí lógónna nó breacaireachtaí ar an suíomh idirlíne, le daoine, le hócáidí nó le dátaí speisialta éagsúla a chomóradh. Is gnách go ndéanann ár ndearthóirí gréasáin na breacaireachtaí seo a chruthú. Cuirimid fáilte, áfach, don dara bliain as a chéile, roimh dhaltaí i bPoblacht na hÉireann a mbreacaireacht féin a chruthú trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas 'Doodle 4 Google'!
Cuirfear breacaireacht an dalta a bhuann an comórtas ar suíomh idirlíne Google Éireann ar feadh 24 uair agus gheobhaidh a scoil deonats teicneolaíochta €10,000.
Is é ‘Mo Thodhchaí Féin’ téama na bliana seo agus táimid ag iarraidh go ndéanfaidh daltaí i bPoblacht na hÉireann mórán machnaimh agus brionglóidíochta faoina gcuid dearaí. Tabharfaidh daltaí lámh chúnta an domhan amach anseo a mhúnlú agus is fada linn an feitheamh le léirithe a dtodhchaí a fheiceáil.



